Sorry, but this job has expired. Please try another search or browse our jobs.

Cumraitheoir Córais

Job Category:
Technical Support - L 1, 2,3, RDBMS / Oracle SAP SQL
Job Type:
Contract
Level of IT Experience:
1-5 Years
Area:
South Dublin
Location:
Dun Laoire
Salary:
€30,278 to €50,834 per annum
Posted:
06/03/2020
Recruiter:
Bord Iascaigh Mhara (BIM)
Job Ref:
ComputerJobs.ie

Fáilteoidh Bord Iascaigh Mhara/BIM roimh iarratais ó dhaoine atá cuícháilithe agus a bhfuil taithí chuí acu don phost:

Córas Bainistithe Leictreonach Deontas  (GEMS)

Cumraitheoir Córais

Tá an post seo á chur ar fáil mar chonradh sainchuspóra sealadach laistigh den fhoireann Seirbhísí Infheistíochta lonnaithe in oifig Dhún Laoghaire BIM.  Beidh feidhm leis an ról seo go dtí deireadh Chlár Oibríochta 2014-2020 EMFF. Mar thoradh ar na cuspóirí agus spriocanna atá leagtha amach ag an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh, d'fhorbair BIM tairseach cúnaimh deontais ar líne (GEMS) chun na scéimeanna deontais a riar go héifeachtúil agus go tráthúil. Beidh ról ríthábhachtach ag an té a bheidh sa phost Cuimritheoir Córais GEMS chun scéimeanna nua a chumrú ar Chóras Bainistithe Deontas Leictreonach (GEMS) BIM ina mbaintear úsáid as bogearraí Flexi-grant de chuid Fluent. Beidh ar an gcumraitheoir córais GEMS na scéimeanna atá fós le cur ar an Tairseach Deontas a chumrú laistigh de chreat ama an Chláir Oibríochta reatha.

Comhlíonfaidh an t-iarratasóir a n-éireoidh leis na feidhmeanna seo a leanas mar chuid dá phost:

  • Foirmeacha iarratais, foirmeacha éilimh, foirmeacha tuairiscithe / monatóireachta nua a chruthú in GEMS.
  • Páipéir painéil agus boird a chruthú in GEMS ag baint úsáid as réimsí cumaisc.
  • Teimpléid ceiste agus easportála a chruthú in GEMS.
  • Macraí agus táblaí pivot a chruthú in excel chun sonraí a bhaintear amach as GEMS a shórtáil.
  • Sreafaí oibre agus socruithe deontais a chur ar bun i Flexi-grant do scéimeanna nua.

·         Scéimeanna a chumrú amach anseo lena n-aistriú ó Flexi-grant chuig CRM.

Nithe atá riachtanach don Phost:

·         Taithí trí bliana ar a laghad i réimse a bhaineann le hábhar.

·         Taithí ar chóras sreafa oibre a bhainistiú, a choinneáil agus a chumrú.

·         Bheadh taithí ar rialú athruithe agus measúnú tionchair ina buntáiste.

·         Taithí ar chódú bunúsach HTML.

·         Inniúil i Microsoft Excel, macraí agus táblaí pivot

·         Inniúil ar Microsoft Word agus in úsáid a bhaint as réimsí cumaisc.

·         Ábalta a léiriú go bhfuil tú toilteanach agus go bhfuil sé de chumas ionat na difríochtaí atá idir scéimeanna deontais / roghanna sreafa oibre a fhoghlaim.

·         Ábalta a léiriú go bhfuil tú in ann oibriú go neamhspleách agus mar dhuine den fhoireann.

·         Scileanna cumarsáide agus idirphearsanta den scoth a léiriú

·         Scileanna láidre i ndáil le fadhbanna a réiteach a léiriú.

 

Nithe atá Inmhianta don Phost:

·         Taithí ar an gCóras Bainistíochta Flexi-grant Fluent nó ar córas bainistithe den chineál céanna

·         Taithí ar Bhunachair Sonraí a riar agus a chumrú.

·         Taithí ar Office 365, Power BI, SharePoint, Power BI  agus Dynamics 365.

 

 

Luach Saothair:

Ag grád Oifigeach Feidhmiúcháin (EO) a bheidh luach saothair an Chumraitheora Córais GEMS agus beidh de réir Scála Tuarastail ceadaithe na Roinne Airgeadais don Earnáil Phoiblí, le tuarastal (€30,278-€50,834) sa bhliain.

Ag an bpointe is ísle iontrála ar an scála thuasluaite, de réir bheartas Rialtais agus/nó treoirlínte iomchuí na Roinne Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe (DPER) a cheapfar an t-iarratasóir a n-éireoidh leis.

Conas iarratas a dhéanamh:

Ba chóir C.V. agus litir iarratais, ina ndéantar cur síos ar thaithí agus scileanna a bhaineann leis an bpost, a sheoladh ar ríomhphost chuig jobs@bim.ie nó a sheoladh sa phost chuig An tOifigeach Acmhainní Daonna, Bord Iascaigh Mhara, Bosca Poist 12, Bóthar Crofton, Dún Laoghaire, Co. Bhaile Átha Cliath, A96E5AO.

Ní mór gach iarratas ar an bpost a bheith faighte ag BIM roimh an 12:00 meán lae an 28/02/2020. Tabhair ar aird nach nglacfar le hiarratais a bheidh déanach.

 

Is fostóir comhdheiseanna é Bord Iascaigh Mhara

Email me jobs like this

Contact Details:
Bord Iascaigh Mhara (BIM)
Tel: 01
Contact: HR Team

You may return to your current search results by clicking here.

Latest Job Listings